¶ Agus ṫug cuid do ṫoġa na naiṫreaḋ ċum na hoibre. Ṫug an Tirsata ċum a nionnṁuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríoċad culaiḋ ṡagairt.
¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe.
Agus cuirfe tú a nuċdṗláta an ḃreaṫeaṁnuis an Urim agus an Tuimim; agus béid ar ċroiḋe Aáron a nuáir raċus sé a steaċ as coinne an TIĠEARNA: agus iomċóruiḋ Aáron breaṫeaṁnus ċloinne Israel ar a ċroiḋe a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA a gcoṁnuiġe.
Ní ḃruiṫfíġear maille re laiḃin é. Ṫug mé ḋóiḃsion é ar son a gcoda do mofráluíḃ déanta le teiniḋ; atá sé ro náoṁṫa, mar tá a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ṡáruíġṫe.
Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.