Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 7:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Go ttug mé dom ḋearḃraṫair Hanáni, agus do Hananiah uaċdarain an ṗaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do ḃí sé na ḋuine ḟírinneaċ, agus eagla Dé ar ós cionn ṁóráin.)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 7:2
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Jóseṗ ríu an treas lá, Déanuiġ mar so, agus mairiḋ: óir atá eagla Dé orum.


A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De.


Agus tiucfaiḋ a ccríċ, ar ball a nimṫeoċuiḋ misi uáitse, go mbéaruiḋ Spiorad an TIĠEARNA ṫusa leis, ní ḟeadar cá hionad; agus annsin a núair ṫiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus naċ ḃfuiġe sé ṫusa, go muirfiḋ sé mé; aċd misi do ṡearḃḟoġantuiġ atá eagla an TIĠEARNA orum óm óige.


¶ Agus do ġoir Ahab Obadiah, do ḃí na úaċdaran ar a ṫiġ. (Anois do ḃí eagla an TIĠEARNA go mór ar Obadiah:


Go ttáinic Hánani, áon dom ḋearḃraiṫriḃ, é féin, agus daóine áiriġ do Iúdah; agus dfíafruiġ misi ḋíoḃ do ṫaoiḃ na Níuduiġeaḋ do ċuáiḋ as, noċ do fágḃaḋ do na daóirsineaċaiḃ, agus a ttaoḃ Ierusalem.


Agus do rinne misi stóruiġṫe ós cionn na stórús, Selemiah an sagart, agus Sadoc an scriḃneóir, agus do na Leḃitiḃ, Pedaiah: agus na ndiáiġ sin do ḃí Hanan ṁac Saccur, ṁic Mattaniah: óir do measaḋ fíréunta íad, agus do bí a noifig roinn ar a ndearḃráiṫriḃ.


Agus litir go Asaṗ coiṁéaduiġ foraóise an ríġ, ċor go ttiuḃraḋ sé aḋmad daṁ dá ndéana mé postaḋa do ġeataḋuiḃ an ṗáláis noċ ḃeanus ris an ttiġ, agus do ḃalla na caiṫreaċ, agus don tiġ iona raċa mé a steaċ. Agus daontuiġ an ríġ ḋaṁ, do réir láiṁe ṁaiṫe De orum.


Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.


Agus a duḃairt mé ríu, Ná hoscaltar geataḋa Ierusalem nó go ttéiġiḋ an ġrían; agus an feaḋ ṡeasfuid síadsan do leaṫtaóiḃ, druididís na doirse, agus cuiridís barraḋa orra: agus órduiġiḋ luċd faire do áitreaḃaċaiḃ Ierusalem, gaċ éanduine iona áit faire, agus gaċ áonduine do ḃeiṫ as cuinne a ṫiġe féin.


Do ḃí duine a ḃfearann Hus, dar ḃainm Iób; agus do ḃí an fear sin iomlán agus díreaċ, agus neaċ air a raiḃ eagla Dé, agus do ṡeaċuin olc.


Biáid mo ṡúile ar ḋaóiniḃ fírinneaċa na talṁan, iondus go naitreaḃuid am ḟoċair: an tí ṡiuḃlus a sliġe iomláin, is é do ḋéanas serḃís daṁsa.


Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:


¶ Annsin do smúaineadar na húaċdaráin, agus na prionnsaḋa cúis dfaġáil a naġaiḋ Ḋániel a ttaoḃ na rioġaċda; aċd níor ḟéadadar cúis ar bioṫ nó loċd dfáġail ann; do ḃríġ go raiḃ sé fírinneaċ, ní mó fríṫ earráid ná loċd ann.


Mo ṡerḃíseaċ Maóise ni ḃfuil sé mar sin, noċ atá fírinneaċ a measc mo ṫiġe uile.


Uime sin cía a tá na óglaċ ḟírinneaċ ġlic, noċ do ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntíre, do ṫaḃair bíḋ ḋóiḃ na am féin?


Agus a duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁáiṫ ḟírinniġ: do ḃí tu ionnruic ar ḃeagán, cuirfuḋ mé ós cionn ṁóráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċus do ṫiġearna féin.


Tuilleaḋ eile íarrṫar ar na feaḋmantaċaiḃ, go ḃfuiġṫiḋ neaċ díleas.


Agus na neiṫe do ċuáluiḋ tú uáimse a láṫair ṁoráin dfíaġnuiḃ, táoḃ na neiṫe céudna ré dáoiniḃ dísle, noċ ḃías foirtill ar ḋáoiniḃ eile do ṫeagusg mar an gcéunda.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ