Ann sin déiġeadar do ġuṫ árd annsa teanguiḋ luduiḋe ar ṁumntir Ierusalem do ḃí air an mballa, do ċur eagla orra, agus da mbúaiḋreaḋ; ċor go ngéaḃaidís an ċaṫair.
Agus an ṁéid do ḃí gaċ táoḃ ḋíoḃ ṫugadar cungnaṁ ḋóiḃ do ṡoiṫiġiḃ dairgiod, agus dór, agus do ṁaoin, agus dáirnéis, agus do neiṫiḃ mórlúaiġ, táoḃ amuiġ do nuile ní dar tioḋlaiceaḋ go toileaṁuil.
O mó Ḋía, smuáinsi ar Ṫobiah agus ar Ṡanballat do réir a noibreaċa, agus ar an mbanḟáiḋ Noadiah, agus air an ccuid oile dona fáiġiḃ, ler ṁían eagla do ċur orumsa.
¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.
Uimesin a dúḃradar na prionnsaḋa ris an ríġ, Iarramaoid daṫċuinge ort, cuirṫear an té so ċum báis: óir is marso laguiġios sé láṁa fuiġeal luċt cogaiḋ na caiṫreaċso, agus láṁa an ṗobuil uile, ag laḃairt a leiṫeide so do ḃríaṫruiḃ riú: óir ní hé leas na ndaóinese íarrus an fearso, aċt a naiṁleas.
Agus neirṫeoċa mé láṁa ríġ na Babilóine, agus cuirfe mé mo ċloiḋioṁ iona láiṁsion: aċt brisfiḋ mé ruiġṫeaċ Ṗárao, agus do ḋéanuiḋ sé osnaḋ da laṫair lé hosnaḋuiḃ marḃṫuiġ duine ċneaḋuiġ.
Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.
Agus Día na nuile ġrás, noċ do ġoir sinn ċum a ġlóire síorruiḋe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáiḋearṫa dfulang ḋíḃ, go ndéuna sé féin siḃ íomlán, go neartuiġe, go láidriġe, agus go ndaingniġe sé siḃ.
Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.