Agus dórduiġ tú mar an gcéadna fáiḋe do ṡeanmóir ort féin ann Ierusalem, ġa ráḋ, Atá ríġ ann Iúdah: agus anois inneostar so don ríġ do réir na mbriaṫarso. Tárr anois ar a naḋḃarsin, agus déanam coṁairle re ċéile.
Ní ġoireann áonduine ar ċeart, agus ní ṫagrann aoinneaċ ar son firinne: dóṫċusuiġid síad a ndíoṁaóineas, agus a deirid bréaga; tionnscnuid dioġḃáil, agus beirid amaċ éigceart.
As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.
Aċd a duḃairt Pól, Atáim am ṡeasaṁ ag caṫáoir ḃreiṫeaṁnuis Ṡéasair, ann ar ċóir breaṫ do ḃreiṫ orum: ní ḋearna me eugcóir ar biṫ ar na Iúdaiḋiḃ, mar as maiṫ atá a ḟíos agadsa féin.
Agus an tan ṫáinic sé, do ṡeasadar na Iúdaiġe ṫáinic a núas ó Iarusalém na ṫimċeall, agus tugadar mórán déiliġṫiḃ tróma nár ḟeadadar a ċruṫúġaḋ, a naġaiḋ Ṗóil.