5 ¶ Ann sin do ċuir Sanballat a ṡearḃḟoġantuiġ ċugam air an moḋ ccéadna an cúigeaḋ huáir le litir oscuilte iona láiṁ;
Giḋeaḋ do ċuireadar fios ċugam ceiṫre huáire air an moḋso; agus do ḟreagrainnsi íad ar an ccor ccéadna.
Iona raiḃ scríoḃṫa, Do hinnseaḋ a measg na ngeinteaḋ, agus a deir Gasmu é, go ḃfuil tusa agus na Iúduiġe ar tí cogaiḋ do ḋéanaṁ: an ċúis fa ḃfuil tú ag déanaṁ an ḃalla, ċor go mbeiṫeá ad ríġ orra, do réir na mbriaṫarsa.
Deagla Ṡátan do ḃreiṫ buáiḋe oruinn ré na ġliocas: oír ní ḃfuil ainḃfios a ṡliġṫeaḋsan oruinn.
Cuiriḋ iomuiḃ armáil Dé go huiliḋe, ionnus go maḋ féidir liḃ seasaṁ a naḋuiġ ṡliġṫeadóireaċd an Díaḃail.
Agus maille ris a nuile ṁealltóireaċd eugcóruiḋ a measg na druinge ṫeid a múġa; do ḃríġ ná ġaḃadar gráḋ na fírinne ċuca, ċum a slánaiġṫe.