2 Gur ċuir Sanballat agus Gessem fios ċugam, ġá raḋ, Tárra, teagḃam re ċéile a mbaile éigin a réiteaċ Ono. Aċt do ṡaóileadarsan urċóid do ḋéanaṁ ḋaṁsa.
Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.
Agus do ċuir misi teaċta ċucasan, ġa ráḋ, Atáim ag déanaṁ oibre móire, uimesin ní ḟéaduim dul síos: cred fá sguirfeaḋ a nobair, an feaḋ dfúigfinnsi í, agus teaċt síos ċugaiḃsi?
¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Annsin déiriġ Ismael ṁac Netaniah, agus an deiṫneaṁar fear do ḃí iona ḟoċair, agus do ḃuáileadar Gedalíah ṁac Ahicam ṁic Saṗan leis an ccloiḋeaṁ, agus do ṁarḃadar é, noċ dá ndéarna ríġ na Babilóine úaċtarán ós cionn na tíre.
Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.