19 Dinnseadar fós a ngníoṁa maiṫe am laṫairsi, agus dinnsedís mo ḃriaṫrasa ḋó. Agus do ċuir Tobiah litreaċa úaḋa do ċur eagla orumsa.
As uimesin do lúaċuiġeaḋ é, do ċur eagla orumsa, agus sin do ḋéanaṁ, agus peacuġaḋ, agus go ḃfuiġedís cúis droċṫúarascḃála, le maisleoċaidís mé.
Oír do ḃí mórán ann Iúdah ṫug mionna ḋó, do ḃríġ gur ċlíaṁuin é do Ṡeċaniah ṁac Arah; agus ṫug a ṁac Iohanan ínġean Ṁessullam ṁic Bereċiah.
Agus do ċuireadar uile eagla oruinn, ġa ráḋ, Laigeoċtar a láṁa ó nobair, ċor naċ déantar í. Anois ar naḋḃarsin ó a Ḋía neartuiġ mo láṁa.
Anois tárla, a nuáir do ḃí an balla déanta, agus do ċuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóiriġ agus an luċt ceóil agus na Leḃítiġ orduiġṫe,
An drong ṫréigios an dliġeaḋ moluid na cíontuiġ: aċt an ṁéid ċoiṁéadas an dliġeaḋ caṫuiġid riu.
Da máḋ don tsáoġal siḃ, do ġraiḋéoċaḋ an sáoġal a ċuid féin: giḋeaḋ ar son naċ don tsáoġal siḃ, aċd gur ṫoġ misi siḃ as a tsáoġal, ar a naḋḃarsin atá fúaṫ ag an tsáoġal daóiḃ.
Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa.
As don tsáoġal íadsan: uime sin laḃruid neiṫe sáoġalta, agus do ḃeir an sáoġal éisdeaċd dóiḃ.