Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 6:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus tárla, a núair do ċúaluiḋ ar naiṁde uile sin, agus na huile ġeinte do ḃí ar gaċ táoḃ ḋinn, a nuáir do ċoncadar na neiṫesi, do cuireaḋ síos go mór íad iona súiliḃ féin: óir do ṫuigeadar gurob ó ar Ndíane do rinneaḋ a nobairsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 6:16
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A nuáir do ċúaluiḋ Sanballat an Horoníteaċ sin, agus Tobiah an searḃḟoġantuiġ Ammoniteaċ, do ġoill sé orra go hiomarcaċ, go ttiucfaḋ duine díarruiḋ maiṫeasa ċloinne Israel.


Aċt tárla, a nuáir do ċúalaiḋ Sanballat gur ċuireamar an balla súas, do ḃí fearg air, agus do ġaḃ aṫṁáoltas mor é, agus do ḃí ag magaḋ air na Iuduiġiḃ.


¶ Aċt tárla, a núair do ċúaluiḋ Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuiġ, agus na Hammonitiġ, agus na Hasdoditiġ, gur cuireaḋ balla Ierusalem súas, agus go raḃadar na béarnaḋa ar tí ḃeiṫ druite, annsin do ḃí fearg ṁór orra,


Tuilleaṁ oile do ċuireadar uáisle Iúdah annsna laeṫiḃ sin mórán litreaċ go Tobiah, agus do ṫigdís litreaċa Ṫobiah ċucasan.


Ionnus go mbía a ḟios aca gur bí so do láṁsa; gur tusa, a ṪIĠEARNA, do rinne é.


Annsin do líonaḋ ar mbéul ré gáireaḋa, agus ar tteanga ré lúaṫġáire: a duḃradar annsin a measg na gcineaḋaċ, Do rinne an TIĠEARNA éaċta móra ḋóiḃ.


Cláoiḋtear íad agus iompoiġṫear ar gcúl gaċ a ḃfuaṫuiġionn Síon.


Foirgniġe an TIĠEARNA Ierusalem: cruinniġ sé a gceann a ċéile díbearṫoiġ Israel.


Agus do ḃean a maċ roiṫléin na gcarbad, gur ṫairngeadar íad go trom: ionnus go nduḃradar na Hégiptiġ, Teiṫeamáoid as laṫaír Israel; óir atá an tiġearna ag troid ar a son a naġuiḋ na Négipteaċ.


Agus biáiḋ sé ḋaṁsa na ainm sóláis, molta agus onóra a laṫair a ḃfuil do ċineaḋaċaiḃ air an ttalaṁ, noċ ċluinfios a nuile ṁaiṫ atáim do ḋéanaṁ ḋóiḃ: agus biáiḋ eagla agus úaṁan orra ar son na huile ṁaiṫeasa, agus ar son an deiġḃisiġ uile, ġléasuim ḋó.


Go deiṁin ní ḃfuil droiġeaċd ar biṫ a naġaiḋ Iácob, ní mó atáid piseóga ar biṫ a naġaiḋ Isráel: do réir na haimsiresi a déarṫar re Iácob agus re Hísrael, Gaċ dar oibriġ Día!


Agus a deirim riḃ a nois, Seaċnuiḋ siḃ féin ar an muinntirse, agus léigiḋ ḋóiḃ: oír más ó ḋáoiniḃ ṫig an ċóṁairle nó a nóbairse, cuirfiġṫear a neimbríġ é.


Agus ar ball a gcúalamar na neiṫesi, do leaġaḋ ar gcroiḋṫe, agus níor ḟan ní is mó do ḃeóḋaċd a néanduine, ar ḃur sonsa: oír sé ḃur TTIĠEARNA Día, is Día ar neaṁ ṡúas, agus ar talaṁ ṡíos.


Agus a duḃairt ris na dáoiniḃ, Atá a ḟios agum go ttug an TIĠEARNA an tír ḋíḃ, agus gur ṫuit ḃur nuaṁan oruinn, agus gur lagaḋ dúṫċusaiġ na tíre eile air ḃur son.


Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ