14 O mó Ḋía, smuáinsi ar Ṫobiah agus ar Ṡanballat do réir a noibreaċa, agus ar an mbanḟáiḋ Noadiah, agus air an ccuid oile dona fáiġiḃ, ler ṁían eagla do ċur orumsa.
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na ḃtáġ ṫairrġirios am ainmsi, agus naċ mé do ċiur uáim íad, ṫairis sin go nabruid, Ní ḃía cloiḋeaṁ nó gorta san tírse; Le cloiḋeaṁ agus le gorta ṫuitfid na fáiġesi.
Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.
Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ,
¶ Annsin a dúḃairt an fáiġ Ieremiah re Hananiah an fáiġ, Eíst anois, a Hananiah; Ní hé an TIĠEARNA do ċuir úaḋ ṫú; aċt do ḃeir tú air an bpobalso dóṫċusuġaḋ a mbréig.
Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin.
Agus do réir mar do ċuir Iannes agus Iambres a naġuiḋ Ṁaóisi, as mar an gcéudna ċuirid an dreamsa a naġuiḋ na firinne: luċ inntinne truáilliġe, mearuiġe a dtáoḃ am ċreidiṁ.
Dá ḃfaiciḋ éinneaċ a ḋearḃráṫair ag peacuġaḋ a bpeacaḋ naċ ḃfuil ċum báis, íarraiḋ sé, agus do ḃéura sé beaṫa don tí naċ déun peacaḋ ċum báis. Ata peacaḋ ann ċum báis: ní air a ṡon sin a deirim leis guíḋe.
Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.