Iona raiḃ scríoḃṫa, Do hinnseaḋ a measg na ngeinteaḋ, agus a deir Gasmu é, go ḃfuil tusa agus na Iúduiġe ar tí cogaiḋ do ḋéanaṁ: an ċúis fa ḃfuil tú ag déanaṁ an ḃalla, ċor go mbeiṫeá ad ríġ orra, do réir na mbriaṫarsa.
¶ Eístiġ riomsa, a luċd dar buḋ aiṫnid ionnracus, an pobal agá ḃfuil mo ḋliġeaḋ iona ccroiḋe; na heagluiġiḋ roiṁe ṁasla na ndaóine, agus ná bíoḋ eagla a ccáinteoireaċd oruiḃ.
Agus cía roiṁe agá raiḃ úaṁan ort nó dimeagluiġ ṫú, as a ndéarna tú bréag, agus naċ ar ċuiṁniġ tú misi, agus naċ ar ċuir tú ann do ċroiḋe é? naċ ar ṫoċd misi fós re fada, agus níor eagluiḋ tusa roṁam?
¶ Criosluiġ ṫusa ar a naḋḃarsin do leasraċ súas, agus éiriġ, agus laḃair ríu a nuile ní dá naiṫeonuiḋ misi ḋíot: na bíoḋ anḃfainne ort ré na naiġṫiḃ, deagla go cclaóiḋfuinn ṫusa rompasan.
¶ Annsin a dúḃradarsan, Tigiḋ, agus déanam coṁairle a naġaiḋ Ieremiah; óir ní ṁuġoċuiḋ an dliġeaḋ ón tsagart, nó coṁairle ó neagnuiḋe, nó an ḃríaṫar ón ḃfáiġ. Tigiḋ, agus buáiliom é leis an tteangaiḋ, agus ná tugam aire déanḟocal dá ḃríaṫruiḃ.
¶ Oir do ċúala mé míoċlú ṁóráin, eagla air gaċ áon taóiḃ. Aiṫris, a deirid siad, agus aiṫreosaimne é. Atá mo luċt aiṫeanta uile ag foraire air mo ḃacuiġe, ġa ráḋ, Do bféidir go meallfuiḋe é, agus béuruimne buáiḋ air, agus do ḋéanam ar ndioġaltas air.
¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.
Agus na bíoḋ oruiḃ eagla na muinntíre ṁarḃas an corp, agus leis naċ éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an corp agus an tanam do ṁilleaḋ a nifrionn.
Agus do ċuireadar amaċ fiaḋnuiseaḋa bréugaċa, noċ a duḃairt, Ní sguireann an fearso dá ḃeiṫ ag laḃairt ḃríaṫra masluiġeaċa a naġaiḋ na háite náoṁṫasa, agus an reaċda:
Aċd a ní do ním, do ḋéanad fós é, ionnus náċ dtiuḃruinn cionfáṫa don druing ler mían cionfaṫa dfaġáil; ċum a ḃfaġála coṁċosṁuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóiṫfeaċus.
Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.