Atáid fós, na madruiġiḃ cíocraċa naċ ḃféadann ċoiḋċe a sáiṫ dfaġáil, agus is áoiḋaireaḋ gan tuigsin íad: féuċuid síad uile dá sliġṫiḃ féin, gaċ uile ḋuine ar son a ṫarḃa, ó na ċeaṫraṁuin.
Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riom, Tairrġirid na fáiġe bréaga am ainmsi: ní mé do ċur náim íad, ní mó is mé dáiṫin díoḃ, ní mó do laḃair mé ríu: tairrġirid díḃsi fis neiṁḟírinneaċ agus geasadóireaċt, agus neiṁní, agus cealg a ccroiḋe féin.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Ná héistiġ re bríaṫruiḃ na ḃfáġ ṫairrġirios díḃ: do níd síad díoṁaóin siḃ, laḃruid fis a ccroiḋe féin, agus ní has béul an TIĠEARNA.
¶ Annsin a dúḃairt an fáiġ Ieremiah re Hananiah an fáiġ, Eíst anois, a Hananiah; Ní hé an TIĠEARNA do ċuir úaḋ ṫú; aċt do ḃeir tú air an bpobalso dóṫċusuġaḋ a mbréig.
Agus an trnáilleoċṫaói misi a measc mo ṗobail féin air ḋornánuiḃ éorna agus air ċotċaiḃ aráin, do ṁarḃaḋ na nanmann naċ éugfaḋ, agus do ċuṁdaċ na nannman mbéo naċ mairfeaḋ, le ḃur ndéanaṁ bréag rem ṁuinntirsi noċ ċluinios ḃur mbréaga?
Do ḃríġ go ndéarnaḃair croiḋe na ḃfíréun duḃaċ lé bréagaiḃ, naċ déarna misi duḃaċ; agus gur neartniġeaḃair láṁa an ċiontuiġ, go naċ ḃfillfeaḋ sé ó na ḋroiċṡliġe, lé geallaṁuin a anma ḋó:
Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn.
Agus neaċ eile oibriuġaḋ míorḃuileaḋ; agus neaċ eile faiḋeadóireaċd; agus neaċ eile breaṫnúġaḋ sbiorad; agus neaċ eile morán do ġnéiṫiḃ teangṫaḋ; agus neaċ eile míniuġaḋ teangṫaḋ:
Oír as cóir easbog do ḃeiṫ neaṁloċdaċ, mar ḟeaḋmantaċ Dé, gan ḃeiṫ ḋó ag ríoṫ réir a ṫóla féin, ná feargaċ, ná ró ḟonnṁar a ḃfíon, ná buáilteaċ, ná dúil do ḃeiṫ aige a néudáil neaṁġloin;
Beaṫuiġiḋ tréud Dé do fágḃaḋ táoḃ riḃ, ar mbeiṫ ḋá ċúram oruiḃ, ní tré éigean, aċd go toilteanaċ; ní ar son éudála neaṁġloine, aċd maille ré hinntinn ullaiṁ;
Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.
Agus cainéul, agus neiṫe deaġḃaluiḋ, agus oinnemeint, agus túis, agus fíon, agus ola, agus plúr mínġeal, agus cruiṫneaċd, agus ainṁinntiġe, agus caóiriḋ, agus éiċ, agus carbuid, agus searḃḟoġantuiġiḋ, agus anmanna daóineaḋ.