Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 6:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt misi, An tteiṫfeaḋ duine mar misi? agus cía hé, do ḃeiṫ mar misi, do raċaḋ don teampall do ḋídean a anma? ní raċa misi a steaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 6:11
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, ċeana, do aiṫin mé naċ é Día do ċuir úaḋa é; aċt gur ḟoillsiġ sé an tairġiresi am aġaiḋ: óir dfostóiġ Tobiah agus Sanballat é.


Agus do ċuir misi teaċta ċucasan, ġa ráḋ, Atáim ag déanaṁ oibre móire, uimesin ní ḟéaduim dul síos: cred fá sguirfeaḋ a nobair, an feaḋ dfúigfinnsi í, agus teaċt síos ċugaiḃsi?


Agus do ċuireadar uile eagla oruinn, ġa ráḋ, Laigeoċtar a láṁa ó nobair, ċor naċ déantar í. Anois ar naḋḃarsin ó a Ḋía neartuiġ mo láṁa.


Oír ní corroċṫar é ċoiḋċe: biáiḋ an fíréun a gcuiṁne ṡíorruiḋe.


Atá a ċroiḋe diongṁálta, ní ḃiáiḋ eagla air, nó go ḃfacaiḋ a ṁían ar luċt a ḃuaiḋearṫa.


Teiṫid na cionntuiġ a nuáir naċ bí áonduine dá ttóruiġeaċt: áċt bíd na hionnruic dána aṁuil leoṁan.


Do ḃeirid cuile ṁairḃ air ola an ṗotecari droċḃalaḋ do ċur amaċ: marsin do ní beagan leiṁe an té air a mbi meas gliocuis agus onóra.


Agus críoċnoċuiġ glóir a ḟoraóise, agus a ṁaċaire ṫórṫuiġ, eidir anam agus ċorp: agus biáiḋ mar ḟear bratuiġe a nuáir a laguiḋear é.


Agus óirdeoċa tú Aáron agus a ṁic, agus béid ag feiṫeaṁ ar oiffig an tsagart: agus an coiṁiḋṫeaċ ṫiucfas na ġar cuirfiġear ċum báis é.


Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.


Do ḟreaguir Pól ann sin, Créd do ḃeir siḃsi ag gul agus ag briseaḋ mo ċróiḋesi? óir atáimsi ullaṁ, ní ċum ḃeiṫ cuíḃriġe aṁáin, aċd mar an ccéudna ċum báis dfulang a Niarusalém ar son anma an Tiġearna Iósa.


Agus dáontaiġ Saul ċum a ḃásaiġe. Agus déiriġ sa ló sin gérleanṁuin ṁór a naġaiḋ na heagluise a Níarusalém; agus do ḃádar uile ar na sgaraḋ feaḋ réigion ṫíre Iúdaiġe agus na Samária, aċd aṁáin na habsdail.


Aċd fós, bíoḋ go ḃfuilim dom íoḋbairt ar muin íoḋbarṫa agus ṡeirḃíse ḃur gcreidiṁse, atá lúaṫġáir oram, agus gáirdeaċas má ráon liḃse uile.


Do ḃríġ go dtáinic sé go garr don ḃás ar son oibre Ċríosd, agus nár ċuir suim ann a anam, ionnus go gcoiṁlíonfaḋ sé a nuireasḃaiḋ do ḃí oramsa a dtáoḃ ḃur seirḃísse.


As tré ċreideaṁ do ṫréig sé an Néigipt, gan ḟaitċeas air roiṁ ḟeirg an ríġ: óir do ḃí sé coṁláidir sin ná inntinn, ionann agus do ċífeaḋ sé an tí naċ féidir dfaicsin.


Oír do ċuir sé a anum iona láiṁ, agus do ṁarḃ sé an Ṗilistíneaċ, agus do oibriġ an TIĠEARNA tárṫáil ṁór ar Israel uile: do ċonnarc tusa é, agus do ḃí luaṫġaire ort: ar a naḋḃar sin cred fá ndéantá peacaḋ a naġaiḋ fola neiṁċiontuiġe, Dáiḃi ṁarḃaḋ gan ċúis?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ