Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Agus an tan ċúadar a steaċ ċum na ngeinteaḋ, mar a ndeaċadar, do ṁíoṁoḋadar mainm náoṁṫa, an tan a dúḃradar ríu, Is íadso pobal an TIĠEARNA, agus do ċúadar amaċ as a ḋúṫaiġ.
Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.
Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc.
Bíoḋ deaġċoinḃearsáid aguiḃ a measg na Gcineaḋaċ: ionnas a náit a niṫiomráiḋ do níd oruiḃ mar luċd miġníoṁ, go maḋ héidir ríu as ma déaġoibriḃ, do ċífid síad, glóir do ṫaḃairt do Ḋía sa lá na ḃfeuċfuiḋ orrṫa.