Agus do ġaḃ fearg misi ríu, agus do ṁalluiḋ mé íad, agus do ḃuáil mé cuid aca, agus do ṫarruing mé a ngrúaga, agus ṫug mé orra Día do ṫaḃairt mar ṁionnuiḃ, ġá ráḋ, Ní ṫiuḃarṫaói ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ní ġéuḃṫaói a ninġeana dá ḃur macaiḃ, nó ḋaóiḃ féin.
Annsin do ċoṁairliġ mé riom féin, agus ṫug mé imḋeargaḋ do na huáisliḃ, agus do na húaċdaranuiḃ, agus a duḃairt mé ríu. Coiṁégniḋṫi gaċ aonduine aguiḃ úalaċ air a ḋearḃraṫair. Agus do ṡuiġiḋ mé oireaċtus mór na naġaiḋ.
Agus íad so do ṡerḃísiġse uile, tiucfaid siad síos ċugamsa, agus cláonfuid íad féin síos daṁsa, ḋa ráḋ, Eiriġ amaċ, agus a nuile ṗobal leanas tú: agus na ḋiaiġ sin raċa misi amáċ. Agus do ċuáiḋ sé amaċ ó Ṗárao air lasaḋ re feirg.
Agus do ḃí Máoise roḟeargaċ, agus a dúḃairt ris an TIĠEARNA, Ná taḃairsi meas ar a nofráil so: nícr ḃean misi éanassal áṁáin díoḃ, agus ní mó do ġortuiġ mé áon aca.
Agus ar ḃfeaċain go feargaċ orrṫasan na ṫímċeall, ar ngaḃáil dóilġis ċuige ar son ċrúais a gcróiḋeaḋsan, a duḃairt sé ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡín: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láiṁ eile.