Bíoḋ a ḟios a nois ag an ríġ, má cuirṫear an ċaṫairsi súas, agus na ballaḋa do ċur súas a rís, annsin naċ díolfuid siád cáin, cíos, nó custum, marsin laiġdeoċus tusa cíos na ríoġ.
Do ḃádar riġṫe cuṁaċtaċa mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noċ do ríaġluiḋ ós cionn a niomláin táoḃ ṫall daḃuinn; agus do híocaḋ cíos, cáin, agus cusṫum ríu.
Mar an ccéadna deiṁniġeamíd daóiḃse, a ttáoḃ éanduine do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ, do na cantairiġiḃ, do na doirseóiriġiḃ, do na Netinimiġ, nó seirḃísiġ ṫiġe Dé, naċ Luḋ dliġṫeaċ cáin, duiḃċíos, nó custum, do ċur orra.
Do ḃí cuid oile mar an gcéadna a duḃairt, Do ċuireamar ar ḃfearann a ngeall, ar ḃfíneaṁuin, agus ar ttiġṫe, le cceainneoċaimis arḃar, do ḃríġ na gorta.
Agus is mór an tarḃa do ḃeir sé do na ríoġuiḃ noċ do ċuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuiḋ: atá fós tiġearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a naṁġar ṁór.
¶ Agus níor ḋíbir siad amaċ na Cananítiġ do ċoṁnuiġ a Ngéser: aċd do áitreaḃadar na Cananítiġ a measc na Neṗraimíteaċ gus a niuġ, agus foġnuid faoi áirdċíos dóiḃ.