Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 5:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Smuáin orumsa, ó mo Ḋía, ċum maiṫeasa, do réir a nuile ní dá ndéarna mé ar son an ṗobailsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 5:19
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ cuiṁniġ ormsa a nuáir beaṫar go maiṫ agad, agus guiḋim ṫú taisbéin cineal daṁ, agus cuiṁniġ do Ṗárao, mé agus beir amaċ as a tiġsi mé.


Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Cuiṁniġ misi, ó mo Ḋía, dá ṫáoḃ so, agus ná scrios amaċ mo ḋeiġġníoṁarṫa do rinne mé ar son ṫiġe mo Ḋé, agus ar son a oifigeaċ sin.


Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.


Agus ċum na hofrála connaiḋ, ar na huáiriḃ cinte, agus ċum na bprímidleaċ. Cuiṁniġ orum, ó mo Ḋía, ċum maiṫiosa.


Cuiṁniġ orumsa, a ṪIĠEARNA, re faḃar do ḋaoine: fiosruiġ mé red ṡlánuġaḋ;


Bíoḋ go ḃfuilim boċd agus easḃuiḋeaċ; smuáinfiḋ an TIĠEARNA orum: is tú mo ċoḃarṫa agus mo ṡaorṫeoir; ó a Ḋía, ná déan failliġe.


Oír atá fios na smuáintiġeaḋ smuáinim dá ḃur ttáoḃ agum, a deir an TIĠEARNA, smuaintiġṫe síoṫċána, agus ní uile, do ṫaḃairt críċe agus doṫċus díḃ.


Agus gioḋ bé ḃéuras cupán duisge ḟúar aṁáin ré na ól do áon do na daóiniḃ beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ċaillfiḋ sé a lúaiḋeaċd.


Oír giḋ bé neaċ do ḃéura cupán uisge ré na ól dáoiḃsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd siḃ, a deirim riḃ go fírinneaċ, naċ léigfi sé a lúaiḋeaċd a muġa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ