17 Tuilleaṁ fós, do ḃí ar mo ḃórd céad agus cáogad do na Iúduiġiḃ agus do na húaċdaránuiḃ, táoḃ amuiġ dá ttigeaḋ ċuguinn as measc na ngeinteaḋ atá air gaċ taóiḃ ḋínn.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.
Anois ar naḋḃarsin, cuir fios agus cruinniġ ċugamsa Israel uile go slíaḃ Carmel, agus faíḋe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caogad, agus fáiġe na ngarrán ceiṫre ċéud, noċ iṫeas ar ḃórd Iesebel.
Atá a ḟios agadsa ciondus nar ḟéud maṫair Dáiḃi tiġ do ċur súas dainm a ṪIĠEARNA Dé, do ḃríġ an ċogaiḋ do ḃí na ṫimċioll ann gaċ uile ṫáoḃ, nó gur ċuir an TIĠEARNA fáoi ḃonnuiḃ a ċos íad.