Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Tuilleaṁ fós, do ḃí ar mo ḃórd céad agus cáogad do na Iúduiġiḃ agus do na húaċdaránuiḃ, táoḃ amuiġ dá ttigeaḋ ċuguinn as measc na ngeinteaḋ atá air gaċ taóiḃ ḋínn.
Agus do ḃí Máoise roḟeargaċ, agus a dúḃairt ris an TIĠEARNA, Ná taḃairsi meas ar a nofráil so: nícr ḃean misi éanassal áṁáin díoḃ, agus ní mó do ġortuiġ mé áon aca.
Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.