Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 5:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Mar an ccéadna do ċroiṫ mé muċt, agus a duḃairt mé, Go ccroiṫiḋ Día marso amaċ as a ṫiġ, agus as a ṡaoṫar, an té naċ ccoiṁéolluiḋ an geallaḋsa, gu maḋ marso ċroiṫfiġṫear amaċ, agus ḟoilṁeoċṫar é. Agus a duḃairt an coṁċruinniuġaḋ uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallaṁnasa

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 5:13
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do ṡeas an ríġ ag piléur, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, do ṡiuḃail a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta agus a ḟíaḋnuiseaḋa agus a reaċda do ċoiṁéud maille ré na nuile croiḋe agus re na nuile anum, ċum bríaṫra an ċunnarṫasa do ċoiṁlíonaḋ noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃarso. Agus do ṡeasadar an pobal uile air an ccunnraḋ.


Go maḋ beannaiġ an TIĠEARNA Día Israel a sáoġal na sáoġal. Agus a duḃairt an pobal uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA.


Agus do ḃeannuiġ Esra an TIĠEARNA, an Día mór. Agus do ḟreagair an pobal uile, Amen, Amen, ag tógḃáil a laṁ súas: agus do ċromadar a ccinn, agus do aḋradar an TIĠEARNA le na naiġṫiḃ ċum na talṁan.


Ṫug mé mo ṁionna, agus coiṁlionfad sin, breiṫeaṁnuis ṫfíréantaċda do ċoṁall.


Ióḋbair molaḋ do Ḋía; agus díol do ṁóide ris an té is ró áirde:


Móidiġ, agus coiṁlíonuiḋ don TIĠEARNA ḃur Ndía: tugaidís gaċ a ḃfuil na ṫimċioll tioḋlacaḋ ċuigesion roiṁe ar dúal a ḃeiṫ faiteaċ.


An drong ṫréigios an dliġeaḋ moluid na cíontuiġ: aċt an ṁéid ċoiṁéadas an dliġeaḋ caṫuiġid riu.


Is féarr ḋuit gan móid do ṫaḃairt, ná móid do ṫaḃairt agus gan a coṁall.


Agus an tuiscesi ċuireas an malluġaḋ raċaiḋ sé ann do ṁionaċ, do ṫaḃairt ar do ḃolg at, agus air do ċeaṫraṁain loḃaḋ: agus a déara an ḃean, Amen, Amen.


Agus gioḋ bé neaċ naċ géuḃaiḋ siḃsi, agus naċ éisdfiḋ ḃur mbriaṫar, ar ndul a maċ as an teaċ nó as an gcaṫruiġsin díḃ, craiṫiḋ ḋíḃ lúaiṫreaḋ ḃur gcos.


Aċd ar gcraṫaḋ ḋóiḃsion luaiṫriġ a gcos na naġaiḋ, tangadar go Hicónium.


Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ.


Nó má ḃeir tú buiḋeaċas ris an spioruid, cionnus a déuruiḋ an tí atá a náit an túata Amén ré breiṫ ḃuiḋeaċais duitsi, agus naċ feas dó créud a deir tú?


Agus a duḃairt Samuel ris, Do réub an TIĠEARNA rioġaċd Israel uaitsi a niuġ, agus ṫug í dod ċoṁarsuinn, noċ is féarr ná ṫusa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ