Guiḋim siḃ, aisigiḋ, ḋóiḃ, a niuġ féin, a ḃfearuinn, a ḃfíneaṁna, a luḃgoirt ola, agus a ttiġṫe, agus mar an ccéadna an céadṁaḋ cuid do nairgiod, agus do narḃar, do nfíon, agus do nola, do ḃeanaḃair ḋíoḃ.
Annsin do ċoṁairliġ mé riom féin, agus ṫug mé imḋeargaḋ do na huáisliḃ, agus do na húaċdaranuiḃ, agus a duḃairt mé ríu. Coiṁégniḋṫi gaċ aonduine aguiḃ úalaċ air a ḋearḃraṫair. Agus do ṡuiġiḋ mé oireaċtus mór na naġaiḋ.
An té naċ ccuireann amaċ a ċuid airgid cum úsúireaċda, is naċ glacann luáiḋeaċd a naġaiḋ na neiṁċiontaċ. An té do ní na neiṫeso ni háṫroċṫair é go bráṫ.
Naċ é so an trosgaḋ do ṫoġ misi? do sgaoileaḋ cuiḃreaċ a nuilc, déadtromaḋ na núalaċ trom, agus an ṁuinntir ṡaruiġte dḟuasglaḋ, agus go mbriseaḋ siḃ gaċ uile ċuiḃreaċ?
Go ttug sé amaċ air úsúireaċt, agus gur ġlac sé biseaċ: maseaḋ an mairfiḋ sé? ní ṁairfiḋ: do rinne sé na gráineaċaso uile; éugfuiḋ sé go deiṁin; biáiḋ a ḟuil air féin.
Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ;
Aṁairg don druing ṫionnscnas éigceart, agus oibriġios olc air a leabuiḋ! an tan is solus an ṁaidin, cuirid a ngnáṫ é, do ḃríġ go ḃfuil sé a ccuṁaċt a láṁ.
Uime sin ar mbeiṫ feasaċ ḋúinn air ḃuirbe an Tiġearna, táirngéamaóid daóime ċum creidṁe, agus as follus do Ḋía sinn; agus atá dóiġ agam go ḃfuilmid follas do ḃur ccoinnsiasuiḃse mar an gcéudna.
Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día.
Agus sé so moḋ an ḟúascuilte: gaċ duine ḃéaras éinuí ar áirleagaḋ dá ċoṁarsuinn sáorfa sé é; ní ḋéana sé éigion ar a ċoṁarsuinn, nó ar a ḋearḃraṫair; do ċionn gur bé fúasclaḋ an TIĠEARNA ġoirṫear ḋe.