Mar an ccéadna san namsin féin a duḃairt mé ris an bpobal, Luiġiḋ gaċ áonduine gon a óglaċ a stiġ ann Ierusalem, ar ċor go mbéid na ngárda aguinn san noiḋċe, agus go noibriġid san ló.
Aċd tré ġrás Dé atáim mar atáim: agus ní raiḃ a ġrásasan do tioḋlaiceaḋ ḋaṁ gan ḃríġ; óir is mó an saoṫar do rinne mé ná iadsan uile: bioḋ naċ misi fós, aċd grás Dé maile riom.
Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.