Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 4:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 An luċt do oibriġ ar an mballa, agus luċt iomċair na núalaċ maille ris an luċt do ċuireaḋ úaluiġe súas, do níoḋ gaċ áon díoḃ obair leaṫláiṁe, agus an leaṫláṁ oile ag congṁáil airm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 4:17
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Ar a naḋḃarsin do ċuir misi ar an ccuid dob ísle táoḃ ṡíar don ḃalla, agus ar an ccuid dob áirde fós, do ċuir mé na daoine do réir a muinntear gun a ccloiḋṁiḃ, gun a ngáeṫiḃ, agus gun a mboḋuiġiḃ.


Agus tárla ón nuáirsin amaċ, gur oibriġeadar leaṫ mo ṡeirḃíseaċsa annsa nobair, agus an leaṫ oile ḋíoḃ do ċongṁadar na gáeṫe, na scíaṫa, agus na boġuiġe, agus na láṁ‐airm; agus do ḃádar na húaċtaráin táoḃ ṡíar uile do ṫiġ Iúdah.


Arson na sáor, do ḃíoḋ a ċloiḋéaṁ ṫair gaċ áonduine ḋíoḃ air a ṫaoḃ, agus é marsin ag déanaṁ oibre, agus an té do ḃúaileaḋ an stoc do ḃí sé am ḟoċairse.


Bíḋ árdṁoluḋ Dé ann a mbéul, agus cloiḋíoṁ ḋá fáoḃar iona láiṁ;


Atáid cloiḋṁṫe aca uile, éolaċ a ccogaḋ: atá a ċloiḋioṁ aig gaċ áonduine air a ṡliasúid tre eagla san noiḋċe.


Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.


Ní mo ḃrúiġfios neaċ ar a ċéile; siuḃoluiḋ gaċ duine aca iona ċasan féin, agus an tan ṫuitfid air an ccloiḋeaṁ, ní loitfiġear íad.


Déunaiḋ faire, seasaiḋ go daingion sa gcreideaṁ, bíġiḋ fearrġa, bíġiḋ láidir.


Oír do hosglaḋ dorus mór éifeaċdaċ ḋaṁ, agus naiṁde iomḋa.


Má ġeiḃid dáoine eile toraḋ an ċúṁaċdasa uáiḃ, créud fá náċ ḃfuiġemisne é ní sa ṁó? Giḋeaḋ níor ċuireamar na cúṁaċdasa a ngnás; aċd iomċramáoid na huile neiṫe, ionnus naċ dtiocfaḋ ḋínn toirmeasg ar biṫ do ċur ar ṡoisgéul Ċríosd.


Maille ré bréíṫir na fírinne, maille ré cúṁaċd Dé, maille ré harmuiḃ fíréuntaċda air ar láiṁ ḋeis agus ċlé,


Agus ná bíoḋ eagla na druinge ċuireas ḃur naḋuiġ oruiḃ a gcáil ar biṫ: noċ is coṁarṫa sgriosda ḋóiḃsion, aċd sláinte ḋíḃse, agus sin ó Ḋía.


Uime sin fulaingse anṡóġ, mar ṡaiġdíur maiṫ Iósa Críosd.


Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ