15 Agus tárla, a nuáir do ċúaladar an naṁuid go ḃfúaramairne scéula, agus go ttug Dia a ccoṁairlesion a neiṁni, gur ḟilleamar uile ar an mballa, gaċ aon dinn ar a ċuid oibre féin.
¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.
Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.)
Agus tárla ón nuáirsin amaċ, gur oibriġeadar leaṫ mo ṡeirḃíseaċsa annsa nobair, agus an leaṫ oile ḋíoḃ do ċongṁadar na gáeṫe, na scíaṫa, agus na boġuiġe, agus na láṁ‐airm; agus do ḃádar na húaċtaráin táoḃ ṡíar uile do ṫiġ Iúdah.
Aṁail duine ag dul a gcoigcríċ, dfág a ṫiġ, agus tug cuṁaċda ḋá ṡearḃḟóġantuiḃ, agus a obair féin do gaċ áonduine, agus do aiṫín dá ḋoirséoir faire do ḋéanaṁ.
Agus ḃur ndiṫċioll do ḋéunaṁ ré ḃeiṫ ciúin, agus re ḃur ngnoṫuiġiḃ féin do ḋéunaṁ, agus ré sáoṫruġaḋ ḋíḃ ré ḃur láṁuiḃ féin, do réir na naiṫeantaḋ ṫugamairne ḋíḃ;