Agus do ċuir sé trí fiṫċid agus deiċ míle ḋíoḃ diomċar úalaċ, agus ceiṫre fiṫċid míle doibriuġaḋ san tslíaḃ, agus trí ṁíle agus sé ċéud ós ccionn dá mbrostaḋ iona nobair.
Mar an ccéadna do ḃádar ós cionn luċda iomċuir na núalaċ, agus an luċt teiṫṁe ar a nuile ḋuine do ḃí ag oibriuġaḋ annsa nobair a serḃís ar biṫ: agus is do na Leḃítiḃ do ḃádar scriḃneóiriġ, agus oifigiḋ, agus doirséoiriġ.
Agus do laḃair a laṫair a ḋearḃráiṫreaċ agus ṡluáiġ Ṡamaria, agus a duḃairt, Cred é so do níd na Iúduiġe éagcruáiḋsi? a ndéanuid daingion dóiḃ féin? a ndéanuid íoḋbuirt? an ccríoċnoċuid a náonló? a naiṫḃéoḃuid na cloċa as na cárnuiḃ dearga atá loisge?
A ṁic an duine, ṫug Nebuċadressar ríġ na Babilóine air a ṡlúaġ seirḃís ṁór do ḋéanaṁ a náġaiḋ Tírus: do rinneaḋ a nuile ċeann máol, agus do lomaḋ gaċ uile ġúala: giḋeaḋ ní ḃfuáir sé túarustal ar biṫ, nó a ṡluáġ, ar son Ṫírus, ar son na seirḃíse do rinne sé na haġaiḋ:
Oír a nuáir do ċuadar súas go gleann Escol, agus do ċonncadar an fearann, do ṁeirtniġeadar croiḋe ċloinne Israel, naċ raċaidís don dúṫaiġ noċ ṫug an TIĠEARNA ḋóiḃ.