Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 3:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċt do ċuireadar mic Hassenaah geata a neisc súas, noċ do ṡuiṫiġ a ṡaltaċa fos, agus do ċuireadar súas a ḋoirse, a ġlais, agus a ḃarraḋa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 3:3
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Anois na ḋiaiġso do ċuir sé balla táoḃ amuiġ do ċaṫruiġ Ḋáiḃi, fán ccuid ṡíar do Ġihon, annsa ġleann, áir fad go nuige póirse ġeata a néisc, agus ṫug timċiol Oṗel é, agus do ṫóg súas é go ro árd, agus do ċuir Caiptíniġ cogaiḋ a ccaiṫreaċaiḃ daingne Iúdah uile.


Clann Ṡenaah, trí ṁile sé ċéad agus tríoċad.


Agus ón taoḃ ṡúas do ġeata Eṗraim, agus táoḃ ṡúas don tseinġeata, agus táoḃ ṡúas do ġeata a néisc, agus do ṫor Hananeel, agus do ṫor Meáh, go nuige geata na ccáoraċ: agus do ṡeasadar na ccoṁnuiġ a ngeata an ṗríosúin.


Agus litir go Asaṗ coiṁéaduiġ foraóise an ríġ, ċor go ttiuḃraḋ sé aḋmad daṁ dá ndéana mé postaḋa do ġeataḋuiḃ an ṗáláis noċ ḃeanus ris an ttiġ, agus do ḃalla na caiṫreaċ, agus don tiġ iona raċa mé a steaċ. Agus daontuiġ an ríġ ḋaṁ, do réir láiṁe ṁaiṫe De orum.


Agus láiṁ riu sin do leasuiġ Merimot ṁac Uriah, ṁic Cos. Agus láiṁ riú sin do leasuiġ Messullam ṁac Ḃereċiah ṁic Messesabeel. Agus láiṁ ríu sin doibriġ Sadoc ṁac Baana.


Tuilleaṁ oile, do leasuiġ Iehoiada ṁac Paseah, agus Messullam ṁac Besodeiah an seinġeata; do ċuireadar a ṡaltaċa na súiḋe, agus do ċuireadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa.


Anois tárla, a núair do ċúala Sanballat, agus Tobiah, agus Gessem an Tarábianáċ, agus an ċuid oile dar naiṁdiḃ, gur ċuir misi an balla súas, agus nar fágḃaḋ beárna ar biṫ air; giḋ nar ċuir mé fa namsin doirsi súas air na geataḋuiḃ;


Anois tárla, a nuáir do ḃí an balla déanta, agus do ċuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóiriġ agus an luċt ceóil agus na Leḃítiġ orduiġṫe,


Clann Ṡenaah, trí ṁíle naói ccéud agus tríoċad.


Oír do neartuiġ sé barraḋa do ḋoirsi; do ḃeannuiġ sé do leiniḃ ann do ṁeaḋón.


Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, a deir an TIĠEARNA, go mbiáiḋ gúṫ a néigin ó ġeata a néisg, núallfartaċ ón dara geata, agus tormán mór ó na cnocaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ