¶ Anois na ḋiaiġso do ċuir sé balla táoḃ amuiġ do ċaṫruiġ Ḋáiḃi, fán ccuid ṡíar do Ġihon, annsa ġleann, áir fad go nuige póirse ġeata a néisc, agus ṫug timċiol Oṗel é, agus do ṫóg súas é go ro árd, agus do ċuir Caiptíniġ cogaiḋ a ccaiṫreaċaiḃ daingne Iúdah uile.
¶ Agus an ċuid oile don ṗobal, na sagairt, na Leḃítiġ, na doirseóiriġ, an luċt ceóil, na Netinimiġ, agus a nuile ḋuine dar ḋealuiḋ íad féin as muinntir na ttiórṫa ċum dliġe Dé, a mná, a mic, agus a ninġeana, gaċ áon ar ḃfaġáil éoluis, agus tuigsiona;
Agus ag geatá an tobair, noċ do ḃí ṫall as a ccoinne, do ċúadar súas a staiġriġiḃ ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, ag dul súas an ḃalla, ós cionn tiġe Ḋáiḃi, eaḋon go nuige geata a nuisge leaṫ ṡoir.
Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel.
¶ Marsin do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus ṫugadar léo íad, agus do rinneadar boṫa ḋóiḃ féin, gaċ áon ar ṁullaċ a ṫiġe féin, agus iona ccúirtiḃ, agus a ccúirtiḃ ṫiġe Dé, agus a sráid ġeata a nuisge, agus a sráid ġeata Eṗraim.
Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe.
Do ḃríġ go ttréigfiġear na páláis; go ḃfúigfiġear iomad na ccaiṫreaċ; béid na puirt agus na tuir na núaṁuiḃ go bráṫ, gairdeaċus assal ḟíaḋta, inḃear na ttréud;