Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 3:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 3:15
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marsin do ċoṁnuiġ Dáiḃi annsa náit ḋaingin, agus do ġoir sé caṫair Ḋáiḃi ḋe. Agus do rinne Dáiḃi fairgneaṁ timċioll fá gcuairt ó Ṁillo agus a steaċ ṫairis.


¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ.


Do stop an Teseciah céadnaso cúrsa uisge úaċtaraċ Gihon, agus ṫug go díreaċ anúas fa táoḃ ṡíar do ċaiṫreaḋ Daiḃi é. Agus do ċúaiḋ Heseciah ar a aġaiḋ iona oibreaċaiḃ uile.


Agus ag geatá an tobair, noċ do ḃí ṫall as a ccoinne, do ċúadar súas a staiġriġiḃ ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, ag dul súas an ḃalla, ós cionn tiġe Ḋáiḃi, eaḋon go nuige geata a nuisge leaṫ ṡoir.


Annsin do ċúaiḋ mé roṁam go geata an tobair, agus go loċán an ríġ: aċt ní raiḃ sliġe ar biṫ ag an mbeiṫeaċ do ḃí fúm a raċaḋ sé ṫairis.


¶ Ann sin a duḃairt mé ríu, Do ċiṫí a naindesi iona ḃfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásaċ, agus a geataḋa loisge re teine: tigiḋ, cuiriom súas balla Ierusalem, go naċ bíam níos mó fá ṁíoṁoḋ.


Agus láiṁ ris sin do leasuiġ Sallum, ṁac Halohes, úaċtarán leiṫ ċoda Dierusalem, é féin, agus a inġeana.


Aċt sé Malċiah ṁac Réċab úaċdarán coda do Ḃet‐haccerem, do ċuir geata a naóiliġ súas, do rinne sé é, agus do ċuir sé a ḋoirsi súas, agus a ġlais, agus a ḃarraḋa.


Agus láiṁ ris do leasuiġ Eser ṁac Iessua, úaċdarán Mispa, píosa oile ṫall as coinne ḋula súas go tiġ na narm ar ċasaḋ an ḃalla,


Agus na ḋiáiġsin do leasuiḋ Melatiah an Gibeoniteaċ, agus Iadon an Meronotiteaċ, muinntir Ġibeon, agus Ṁispah, go caṫaóir ríoġḋa a núaċdaráin don taóiḃsi do naḃuinn.


Agus láiṁ ris sin do leasuiġ Reṗaiah ṁac Hur, úaċtarán leiṫe Ierusalem.


Do rinne mé loċáin uisge ḋaṁ, do ḟliuċaḋ na fioḋḃuiḋe léo as a ttigeaḋ croinn:


Do ḃríġ gur ḋíultadar na daóinesi uisgeaḋa Ṡiloah ġluaisios go socair, go ngáirdiġid ann Resin agus a mac Remaliah;


Annsin do ċuáiḋ Ieremiah go Gedaliah ṁac Ahicam go Mispah; agus do ċoṁnuiḋ sé iona ḟoċair a measc na ndaóine do fágḃaḋ annsa tír.


Nó an sáoiltí na hoċd ḃfir deag úd, air ar ṫúit an tor a Síloam, agus do ṁarḃ iád, gur ṁó na peacṫaiġ iád ná gaċ áoin nduine eile dá raiḃ na gcoṁnuiḋe a Niárúsalém?


Agus a duḃairt sé ris, Imṫiġ, ionnail a loċ Ṡíloam, noċ ṁíniġṫear, Ar na ċur. Uime sin do imṫiġ sé, agus táinig a ris agus a raḋarc aige.


An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.


(Anois do ċúaladar clann Ḃeniamin go ndeaċadar clann Israel súas go Mispeh.) Ansin a duḃradar clann Israel, Innis dúinn, cionnus do ḃí an tolcso?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ