Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 2:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 2:20
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus díarr sé Día ré linn Ṡeċariah, agá raiḃ tuigsin a ḃfisiḃ Dé: agus an feaḋ do lean sé an TIĠEARNA, ṫug Día raṫ air.


Aċt a duḃairt Serubbabel, agus Iessua, agus an ċuid oile do ṫoġa aiṫreaḋ Israel ríu, Ní ḃfuil buáin aguiḃ rinne as a ndéanaḋ siḃ tiġ dar Ndía; aċt sinn féin le ċéile do ḋéanam é don TIĠEARNA Día Israel, mar do ḟuagair Círus ríġ na Persia ḋuinn,


Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe,


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


Ata a ḟios ag serḃíseaċuiḃ an ríġ uile, agus ag daóiniḃ ṗroiḃinnseaḋ an ríġ, giḋ bé ar biṫ dfior nó ṁnaói ṫiocfas gus an ríġ don ċúirt is faide a steaċ, ar naċ goirṫear, go ḃfuil aoindliġeaḋ aṁáin aige, an té sin do ċur ċum báis, aċt aṁáin an té ḋá sinfiġ an ríġ amaċ an tslat ríoġa órḋo, iondus go mairfe sé: aċd níor goireaḋ ormsa do ṫeaċt a steaċ gus an ríġ ris an tríoċad lá so.


Dearcfuiḋ sé air urnaiġ na nuirísiol, agus ní ṫarcuisniġfiġ sé a nguiḋe.


Guiḋiḋ ar son síoṫċána Ierúsalem: bídis a síoṫċáin noċ ler bionṁuin ṫú.


Do ḋéanam gáirdeaċuis ann do ṡlánuġaḋ, agus a nainm ar Ndé cuirfeam brataċa súas: go ccoiṁlíona an TIĠEARNA huile íarratas.


Gáiredís lé lúaṫgáire, agus bídís gáirdeaċ, gaċ a ḃfuil faḃarṫaċ dom ḟíréuntaċd: agus abraidís do ġnáṫ, Bíoḋ an TIĠEARNA móruiġṫe, agá ḃfuil dúil a síoṫċáin a ṡeirḃísiġ.


Déan maiṫ do Ṡion ó do ḋeaġṫoil féin: cuir súas ballaḋa Ierusalem.


Agus iomċóra Aáron anmanna ċloinne Israel ann sa nuċdṗláta sin an ḃreaṫeaṁnuis ar a ċroiḋe, a nuáir raċus a steaċ do náit náoṁṫa, mar ċuiṁne do laṫair an TIĠEARNA a gcoṁnuiġe.


Is maiṫ ḋuit greim do ḃreiṫ airso; úaḋso fós, na tarruing do láṁ: óir an te ar a mbí eagla Dé tiucfuiḋ sé asta amaċ uile.


Do ḃéara mé ḋóiḃsinn ann mo ṫiġ agus táoḃ a stiġ dom ḃalluiġiḃ áit agus ainm is feárr ná do ṁacaiḃ nó dinġeanuiḃ: do ḃéara mé ḋóiḃ ainm síorruiḋe, naċ geárrfuiġear amaċ.


Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:


Agus cuirfe tú túis ḟíorġlan ar gaċ cúrsa, cor go mbía ar a narán mar ċuiṁne, eaḋon ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.


Agus béid na coróine ag Helem, agus ag Tobiiah, agus ag Iedaiah, agus ag Hen ṁac Seṗaniah, mar ċuiṁne a tteampall an TIĠEARNA.


Mar an gcéadna a ló ḃur luṫġáire, agus ann ḃur laeṫiḃ féasta, agus a ttosuiġiḃ ḃur míos, buailfiḋe ḃur ttrumpuiḋe ós cionn ḃur nofrála loiscṫe, agus ós cionn íoḋbarṫa ḃur nofrála síoṫċana; ċor go mbéid aguiḃ mar ċuiṁníuġaḋ a laṫair ḃur Nde: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.


Ní ḃfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálaċdsa: oír ní ḃfuil do ċroiḋe díreaċ a ḃfíaḋnuise Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ