Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 2:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 ¶ Ann sin a duḃairt mé ríu, Do ċiṫí a naindesi iona ḃfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásaċ, agus a geataḋa loisge re teine: tigiḋ, cuiriom súas balla Ierusalem, go naċ bíam níos mó fá ṁíoṁoḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 2:17
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír do ḃámairne ar ndáoirsineaċaiḃ; giḋeaḋ níor ṫréig ar Ndía sinn ann ar ndaoirsine, aċt do ṫaisbein sé trócaire ḋúinn a raḋarc ríoġ na Persia, do ṫaḃairt aiṫḃeoġuḋ eruinn, do ċur ṫiġe ar Ndé súas, do leasuġaḋ a ḟásuiġ, agus do ṫaḃairt balla ḋúinn ann Iúdah agus ann Ierusalem.


Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.


Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine.


Agus ní raiḃ a ḟios ag na húaċtaránuiḃ cáit a ndeaċa mé, nó cred do rinne mé, ní mó dinnis mé é fós do na Iúduiġiḃ, nó do na sagartuíḃ, nó do na huáisliḃ, nó do na ríaġlaṫóiriġiḃ, nó don ċuid oile do ḃí ag obair.


Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.


Ionnus go mbía eagla air na geintiḃ roiṁe ainm an TIĠEARNA, agus air uile ríġṫiḃ na talṁan roiṁe do ġlóir.


Do ní tú scannail dar ccoṁarsanuiḃ ḋínn, tarcuisne agus magaḋ don luċd atá fá ccuáirt ar ttimċioll.


Do ní tú seanḟocal dínn a measc na ngeinteaḋ, croṫaḋ cinn a measc na bpoibleaċ.


Agus taḃair dar ccoṁarsanaiḃ a ṡeaċd noirid iona mbrollaċ a scannail féin, re ar scannluiġeadar ṫusa, a ṪIĠEARNA.


Atámuid ar scannail ag ar ccoṁarsanaiḃ, ar ttarcuisne agus ar magaḋ ag an luċt atá ar gaċ táoḃ ḋinn.


Agus seaċóduiġ mé íad ċum a náiṫruġaḋ go huile rioġaċdaiḃ na talṁan ċum a ndoċair, dá mbeiṫ na scannail agus na seanḟocal, na magaḋ agus na malluġaḋ, annsna huile áitiḃ a ndíbéora mé íad.


Do ṡluig an Tiġearna súas uile áitreaḃṫaċa Iácob, ní ḋéarna sé truáiġe: do ṫeilg sé síos iona ḟeirg daingneaċa láidre inġine Iúdah; ṫug sé sios go taláṁ íad: do ṫruailliġ sé an rioġaċt agus a prionnsaḋa.


Doilġiosuiġ mo ṡúil mo ċroiḋe do ḃríġ uile inġeana mo ċaiṫreaċ.


Tuilleaṁ oile do ḋéana mé ad ḟasaċ ṫú, agus ad ṁasla a measc na ccineaḋaċ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a raḋarc gaċ a ngaḃann ṫort.


Annsa lo a mbéid do ḃallaḋa dá ccur súas, annsa ló sin áṫroċṫar go fada an tórduġaḋ.


Agus do ḟreagair Nahas an Tammoniteaċ íad, Ar an naċdso do ḋéana mé cunraḋ riḃ, ḃur súile deasa uile do ḃuáin asuiḃ, agus a dtaḃairt mar ṁasla Dísrael uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ