15 Annsin do ċuáiḋ mé súas annsa noiḋċe láiṁ ris an tsruṫán, agus do ṁeas mé an balla, agus dfill mé tar mais, agus do ċuáiḋ mé a steaċ a ngeata an ġleanna, agus marsin dfill mé.
Agus do ġuil an tír uile do ġuṫ árd, agus do ċúadar an pobal uile ṫairis anonn: agus do ċuáiḋ an ríġ féin ṫar a naḃuinn Cedron, agus do ċúadar cáċ uile ṫairis a nonn, leaṫ re sliġe an nfasuiġ.
¶ Tuilleaṁ oile do ċuir Ussiah tuir súas ann Ierusalem ag geata an ċoirnéil, agus ag geata an ġleanna, agus ag filleaḋ an ḃalla, agus do ḋainguiḋ sé íad.
Agus ní raiḃ a ḟios ag na húaċtaránuiḃ cáit a ndeaċa mé, nó cred do rinne mé, ní mó dinnis mé é fós do na Iúduiġiḃ, nó do na sagartuíḃ, nó do na huáisliḃ, nó do na ríaġlaṫóiriġiḃ, nó don ċuid oile do ḃí ag obair.
Do leasuiġ Hanum, agus áitreaḃniġ Ṡanoa geata an ġleanna; do ċuireadar súas é, agus do ṡuiġeadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa, agus míle cuḃad air an mballa go nuige geata a naóiliġ.
An tan a duḃairt Iósa na neiṫesi, do ċuáiḋ sé féin maille ré na ḋeiscioblaiḃ tar sruṫ Ċédron, mar a raiḃ garrḋa, an a ndeaċuiḋ seision, agus a ḋeisciobail.