Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 2:13
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Tuilleaṁ oile do ċuir Ussiah tuir súas ann Ierusalem ag geata an ċoirnéil, agus ag geata an ġleanna, agus ag filleaḋ an ḃalla, agus do ḋainguiḋ sé íad.


Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.


Annsin ṫug misi súas prionnsaḋa Iúdah ar an mballa, agus dórduiġ mé ḋá ċuideaċda ḋíoḃ ar an láiṁ ḋeis air an mballa go geata a naóiliġ:


¶ Agus déiriġ mé san noiḋċe, mé féin agus beagán daóine liom; agus níor innis mé déanduine cred do ċuir Día ann mo ċroiḋe do ḋéanaṁ ann Ierusalem: ní mó do ḃí ainṁiḋ ar biṫ am ḟoċair, aċt an tainṁiḋ do ḃí dom iomċar.


Annsin do ċuáiḋ mé súas annsa noiḋċe láiṁ ris an tsruṫán, agus do ṁeas mé an balla, agus dfill mé tar mais, agus do ċuáiḋ mé a steaċ a ngeata an ġleanna, agus marsin dfill mé.


¶ Ann sin a duḃairt mé ríu, Do ċiṫí a naindesi iona ḃfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásaċ, agus a geataḋa loisge re teine: tigiḋ, cuiriom súas balla Ierusalem, go naċ bíam níos mó fá ṁíoṁoḋ.


Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine?


¶ Imṫiġiḋ súas ar a ballaḋuiḃ, agus scriosuiḋ; aċt ná déanuiḋ crioċnuġaḋ iomlán: beanaiḋ a báirrdeaḃṫa ḋi; óir ní leis an TTIĠEARNA íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ