8 Agus do ġoíll sin orum go gér: nimesin do ṫeilg mé amaċ áirnéis tiġe Ṫobiah uile as an tséomrá.
Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar.
Anusin ṫug mé aiṫne, agus do ġlanadarsan na séomraḋa: agus ṫug misi a rís annsin soiṫiġe ṫiġe Dé, maille ris a nofráil bíḋ agus an ttúis.
¶ Agus do ḃí misi lán dfeirg a núair do ċúala mé a ccoṁairc. Agus na bríaṫrasa.
Oír a duáiġ éad do ṫiġesi súas mé; agus do ṫuit aċṁusán na druinge do scannluiġ ṫú orum.