Agus do ḟreagair Seċaniah ṁac Iehiel, áon do ṁacaiḃ Elam, agus a duḃairt re Hesra, Do ċiontuiġeamar a naġaiḋ ar Ndé, agus ṫugamar mná coigcríċṫe do ḋaoiniḃ na talṁan: giḋeaḋ fós atá a nois dóiġ ann Israel a ttaóiḃ an neiṫesi.
Nar ċóir dauinn a rís haiṫeanta do ḃriseaḋ, agus íaḋaḋ a ccleaṁnus ré luċt na graíneaṁlaċta? naċ beiṫeása feargaċ rinn nó go scriostá sinn, iondus naċ biaṫ fuiġioll nó dul as?
Agus má ḃeirid muinntir na tíre léo earraḋ nó bíaḋ ar biṫ ansa tsabbóid dá reic, naċ cceinneoċaimaisne é annsa tsabboid, nó san ló naoṁṫa: agus go léigfimis an seaċdṁaḋ bfiaḋan dínn, agus coíṁéigniuġaḋ gaċ uile ḟíaċ.
Oír cía déistfeaḋ riḃ annsa ċúise? aċ mar ḃias cuid an té raċus síos san ċaṫ, mar sin ḃías cuid an té ḟanfus a mbun an ċaráiste: roinnfiḋ síad go coṁṫrom.