Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 13:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 ¶ Annsna láeṫiḃsin fós do ċonnairc mé Iúdúiġṫe do ṗós mná ó Asdod, ó Ammon, agus ó Ṁoab:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 13:23
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do ġráḋuiġ an riġ Soluṁ morán ban coiṁíġṫeaċ, (maille re hinġin Ṗarao), mna do na Moabitiġ, Amonítiġ, Edomítiġ, Sidónianuiġ, agus Hititiġ;


Agus do ṡeas Esra an sagart suás, agus a duḃairt riú, Do ṗeacuiġeaḃair, agus ṫugaḃair mna coiṁiġṫeaċa, do ṁéuduġaḋ peacuiḋ Israel.


Ṫugadar so uile mná coiṁíġṫeaċa: agus do ḃí mná ag cuid ḋíoḃ le a raiḃ clann aca.


Agus naċ ttiuḃraimís ar ninġeana do ḋaóiniḃ na tíre, agus naċ ttiuḃraidís a ninġeanasan dar macaiḃ:


Agus má ḃeirid muinntir na tíre léo earraḋ nó bíaḋ ar biṫ ansa tsabbóid dá reic, naċ cceinneoċaimaisne é annsa tsabboid, nó san ló naoṁṫa: agus go léigfimis an seaċdṁaḋ bfiaḋan dínn, agus coíṁéigniuġaḋ gaċ uile ḟíaċ.


Ar an lá sin do léiġeadar a leaḃar Ṁaóise a néisteaċt an ṗobail; agus fríṫ scríoḃṫa annsin, naċ ttiucfaḋ an Tammoníteaċ agus an Moabíteaċ a ccoṁċruinniuġaḋ Dé go bráṫ;


Agus do laḃradar a clann leaṫ a tteanguiḋ Asdod, agus níor ḟéadadar laḃairt san teanguiḋ Iúduiġe, aċd do réir ṫeangṫa gaċa pobail.


A néistfimne maiseaḋ riḃsi ag déanaṁ a nuilc ṁóirsi uile, do ṡáruġaḋ a naġaiḋ ar Ndé lé pósaḋ ban coiṁiġṫeaċ?


¶ Aċt tárla, a núair do ċúaluiḋ Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuiġ, agus na Hammonitiġ, agus na Hasdoditiġ, gur cuireaḋ balla Ierusalem súas, agus go raḃadar na béarnaḋa ar tí ḃeiṫ druite, annsin do ḃí fearg ṁór orra,


Coíṁedsa an ní áiṫeonus mé ḋiot annsa ló niuġ: féuċ, tiomaínfe mé a maċ roṁad an Tamoríteaċ, agus an Cananíteaċ, an Hitíteaċ, agus an Perisíteaċ, agus an Hiḃiteaċ, agus an Iebusíteaċ.


Ná hiomċruiḋ cuing ṁioċoṁṫrom a ḃfoċair ḋaóineaḋ gan ċreideaṁ: oír créd é caidreaḃ na fíréuntaċda ré neaṁḟiréuntaċd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorċadas?


Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;


Agus do ġaḃadarsan mná ċuca fein do ṁnáiḃ Ṁóab; Orpah dob ainm do ṁnaói ḋíoḃ, agus Rút ainm na mná oile: agus do ċoṁnuiġeadar annsin timċioll ḋeiċ mblíaḋan.


Agus do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ