Agus tárla, fa nam ar ṫionnscnadar geataḋa Ierusalem ḃeiṫ dorċa roiṁe an tsábbóid, gur aíṫin misi na geataḋa do ḋrud, agus dfuágair mé gan a nosclaḋ nó go ttíocfaḋ déis na sábbóide: agus do ċuir mé cuid dom ṁuinntir ag na geataḋuiḃ, ċor noċ ttiuḃarṫaói áon úalaċ a steaċ annsa tsábbóid.
Annsin dfíaḋnuiġ misi na naġaiḋ, agus a duḃairt mé, Cred fá luiḋṫí timċioll an ḃalla? má níṫí sin a ris, leacfa misi láṁa oruiḃ. O a núairsin amaċ ní ṫangadar ní is mó ar an tsábbóid.