Ann sin do aiġnis mísi ris na riaġlóiriḃ, agus a duḃairt, Cread as ar tréigeaḋ tiġ Dé? Agus do ċruinniġ misi íad a ccionn a ċeile, agus do ċuir mé na náitiḃ féin íad.
Dáitiġeadar daoine do Ṫíor fa namsin ann sin, do ḃeireaḋ íasg léo, agus gaċ uile ṡórt éarraḋa, agus do reacaḋ íad san tsábbóid re cloinn Iúdah, agus re Hierusalem.
Agus do ġaḃ fearg misi ríu, agus do ṁalluiḋ mé íad, agus do ḃuáil mé cuid aca, agus do ṫarruing mé a ngrúaga, agus ṫug mé orra Día do ṫaḃairt mar ṁionnuiḃ, ġá ráḋ, Ní ṫiuḃarṫaói ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ní ġéuḃṫaói a ninġeana dá ḃur macaiḃ, nó ḋaóiḃ féin.
Annsin do ċoṁairliġ mé riom féin, agus ṫug mé imḋeargaḋ do na huáisliḃ, agus do na húaċdaranuiḃ, agus a duḃairt mé ríu. Coiṁégniḋṫi gaċ aonduine aguiḃ úalaċ air a ḋearḃraṫair. Agus do ṡuiġiḋ mé oireaċtus mór na naġaiḋ.
Raċa mé go nuige na daóiniḃ móra, agus laiḃeora mé ríu; óir atá fios sliġeaḋ an TIĠEARNA aca, agus breiṫeaṁnus a Ndé: aċt do ḃrisiodar so go hiomlán an ċuing, agus do réubadar na cuiḃreaċa.
¶ Aċt do ċaṫuiġ tiġ Israel am aġaiḋsi annsa ḃfásaċ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtuiḃ, agus do ṫarcuisniġeadar mo ḃreiṫeaṁnusa, noċ dá ndéarnaiḋ duine, mairfiḋ sé ionta; agus do ṫruáilliġeadar mo ṡabbóide go mór: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra annsa ḃfásaċ, da scrios.
Agus a duḃairt misi, Eistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ċeanna Iácob, agus siḃsi a ṗrionnsaḋa ṫiġe Israel; Naċ cóir ḋaóiḃse fios breiṫeaṁnuis do ḃeiṫ aguiḃ?
Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn.