Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.
Tuilleaṁ fós, do ḃríġ gur ċuir mé mo ḋúil a ttiġ mo Ḋé, atá agum dom ṡeilḃ ḋílis féin, dór agus dairgiod, noċ do ḃronn mé do ṫiġ mo Ḋé, ós cionn ar ġléas mé uile a ccoinne an tiġe naoṁṫa,
Mar an ccéadna deiṁniġeamíd daóiḃse, a ttáoḃ éanduine do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ, do na cantairiġiḃ, do na doirseóiriġiḃ, do na Netinimiġ, nó seirḃísiġ ṫiġe Dé, naċ Luḋ dliġṫeaċ cáin, duiḃċíos, nó custum, do ċur orra.
Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.
Agus a duḃairt, Cuiṁniġ anois, a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, mar do ṡiuḃuil mé ann ṫfiaġnuise a ḃfírinne agus maille ré croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní is maiṫ ann do raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.
Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.
An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.