10 ¶ Agus do ṫuig mé naċ ttug ṫaoi cuid ronna na Leḃíteaċ ḋóiḃ: óir na Leḃítiġ agus an luċd ceóil do rinne a nobair, do ṫeiṫeadar gaċ áon aca dá ṁaċaire féin.
Tuilleaṁ fós dfuagair sé don luċt do ċoṁnuiġ ann Ierusalem cuid na sagart agus na Leḃíteaċ do ṫaḃairt dóiḃ, go mbeidís meanmnaċ a ndliġeaḋ an TIĠEARNA.
Agus go ttiuḃraimís primidil ar ttaóis, agus ar nofrála, agus toraḋ a nuile ṡórt crann, dfíon agus dola, ċum na sagart, go séomraḋuiḃ ṫiġe ar Ndé; agus deaċṁaḋa ar ḃfearuinn do na Leḃitiḃ, ċor go ḃfuiġedís na Leḃitiġ sin deaċṁaḋa ann uíle ċaiṫreaċuiḃ ar ttreaḃṫa.
Oír béaruid clann Israel agus clann Leḃi ofráil a narḃa, a nfiona nuáiḋ, agus na hola, do na séomraḋuiḃ, mar a ḃfuilid soiṫiġe na sanctóra, agus na sagairt ṁiniostralus, agus na doirseóiriġ, agus an luċd ceóil: agus ní ṫréigfemne tiġ ar Ndé.
Agus ṫug Israel uile úaṫa a láeṫiḃ Ṡerubbabel, agus a láeṫiḃ Nehemiah, cuid ronna a náosa ceóil agus na ndoirseóireaḋ, cuid gaċ aon laé: agus do náoṁaidís do na Leḃítiḃ; agus do naoṁaidís na Leḃitiġ do ċloinn Aaron íad.
Ní ṫug tú ċugam áirnéis ḃeag hofrala loisge; ní mó donóruiġ tú mé led íoḋbarṫaiḃ. Ní ṫug mé ort foġnaṁ le hofráil, agus ní ṫug mé ort sáoṫruġaḋ lé túis.
Aiṫin do ċloinn Israel, go ttugdáois do na Leḃítiḃ doiġreaċd a seilḃe caiṫreaċa ċum coṁnuiḋe ionta; agus do ḃéarṫáoi mar an gcéadna do na Leḃítiḃ coimín dá gcaiṫreaċaiḃ na ttimċioll fa ccuairt.