Annsin déiriġ Iessua ṁac Iosadac, agus a ḋearḃráiṫre na sagairt, agus Serubbabel ṁac Sealtiel, agus a ḋearḃráiṫre, agus do ċuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodnearṫa loisg uirre, mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaoise óglaiċ Dé.
Agus Mattaniah ṁac Miċa, ṁic Sabdi, ṁic Asaṗ, príoṁḋuine do ṫosuġaḋ ḃeirṫe buiḋeaċuis a nguiḋe: agus Bacbuciah an dara a measc a ḋearḃráiṫreaċ, agus Abda ṁac Sammuah, ṁic Galal, ṁic Iedutun.
Agus ós cionn na Leḃíteaċ ann Ierusalem do ḃí Ussiah ṁac Bani, ṁic Hassabiah, ṁic Mattaniah, ṁic Miċa. Do ṁacaiḃ Asaṗ, an luċt ceóil do ḃí ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṫiġe Dé.
Agus cinn na Leḃíteaċ: Hassabiah, Serebiah, agus Iessua ṁac Cadmiel, maille re na ndearḃráiṫriḃ ṫall as a ccuinne, do ṁolaḋ agus do ḃreiṫ buiḋe, do réir aiṫne Ḋáiḃi ógluiġ Dé, faire as coinne faire.
¶ Annsin do ṡeasadar súas ar staiḋreaḋuiḃ, na Leḃiteaċ, Iessua, agus Báni, Cadmiel, Sebahiah, Bunni, Serebiah, Báni, agus Ċenani, agus do éiġeadar do ġuṫ árd ar a TTIĠEARNA a Ndía.