Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 12:47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus ṫug Israel uile úaṫa a láeṫiḃ Ṡerubbabel, agus a láeṫiḃ Nehemiah, cuid ronna a náosa ceóil agus na ndoirseóireaḋ, cuid gaċ aon laé: agus do náoṁaidís do na Leḃítiḃ; agus do naoṁaidís na Leḃitiġ do ċloinn Aaron íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 12:47
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus bá hé a ḃeaṫa, beaṫa do hórduġeaḋ ḋó go gnáṫaċ ón ríġ, cuid laéṫeaṁuil a naġaiḋ gaċ laói, ar feaḋ uile láeṫeaḋ a ḃeaṫa.


Mar sin ṫangadar agus do ġoireadar ar ḋoírseóir na caíṫreaċ: agus do innisiodar ḋóiḃ, ḋa ráḋ, Ṫangamairne go campa na Siriannaċ, agus, féuċ, ní raiḃ duine annsin, nó guṫ duine, aċd eiċ ċeangailte, agus assail ċeangailte, agus na cábáin mar do ḃádar.


Noċ ṫáinic le Serubbabel: Iessua, Nehemiah, Saraiah, Reelaiah, Mordecai, Bilsan, Mispar, Bigḃai, Rehum, Baanah, Uiḃir ḋaóine ṗobuil Israel:


Oír do ḃí aiṫne an ríġ ḋá ttaoḃ, go mbeiṫ cuid ronna áiriġ re haġuiḋ an luċt ceóil, gaċ aonlá.


Anois is íadso na sagairt agus na Leḃítiġ do ċuáiḋ súas le Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua: Seraiah, Ieremiah, Esra,


Agus a láeṫiḃ Ioiacim do ḃádar sagairt, do príoṁċuid na haiṫriḃ: ó Ṡeraiah, Meraiah; ó Ieremiah, Hananiah;


Isíad so do ḃí a láeṫiḃ Ioiacim ṁic Iessua, ṁic Iosadac, agus a láeṫiḃ Nehemiah an túaċtarán, Esra an sagart, an scriḃneóir.


Tugaḋ an tí ṫeaguisgṫear sa mbréiṫir don tí ṫeaguisgeas é roinn dá uile ṁaiṫeasuiḃ.


Do ġeaḃuid uirid ré ċéile re iṫe, táoḃ amuiċ don ní ṫig ó ṁalairt a aṫarḋáċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ