Mar sin ṫangadar agus do ġoireadar ar ḋoírseóir na caíṫreaċ: agus do innisiodar ḋóiḃ, ḋa ráḋ, Ṫangamairne go campa na Siriannaċ, agus, féuċ, ní raiḃ duine annsin, nó guṫ duine, aċd eiċ ċeangailte, agus assail ċeangailte, agus na cábáin mar do ḃádar.
Do ḃríġ gur ḃí a noifig feiṫioṁ ar ċloinn Aáron ar son ṡeirḃíse ṫiġe an TIĠEARNA, annsna cúirtiḃ, agus annsna seómraḋuiḃ, agus a niomġlanaḋ a nuile neiṫe náomṫa, agus oibre ṡerḃíse ṫiġe Dé;
Asé an Selomit sin agus a ḋearbraiṫre do ḃí ós cionn uile ionnṁusa na neiṫeann ccoisreagṫa, noċ do ṫioḋluic Dáiḃi riġ agus tóġa na naiṫreaċ, agus na caiptiniġ ós cionn ṁilteaḋ agus ċéad, agus caiptíniġ na ntslóiġ.
Aċt ná tigeaḋ áonduine go tiġ an TIĠEARNA, aċt na sagairt, agus an ṁéid do na Leḃítiḃ ḃías ag miniostrálaċd; raċuid síadsan a steaċ, óir atáid náoṁṫa: agus coiṁéadfuid an pobal uile faire an TIĠEARNA.