Agus do ċanadar le ċéile fa seaċ ag molaḋ agus ag taḃairt buiḋeaċuis don TIĠEARNA; do ḃriġ go ḃfuil sé maiṫ, agus go mairionn a ṫrócaire Disrael go bráṫ. Agus do ġáireadar an pobal uile lé gáir ṁoir, a nuáir do ṁoladar an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡuiġeadar bunáit ṫiġe an TIĠEARNA.
Agus ón taoḃ ṡúas do ġeata Eṗraim, agus táoḃ ṡúas don tseinġeata, agus táoḃ ṡúas do ġeata a néisc, agus do ṫor Hananeel, agus do ṫor Meáh, go nuige geata na ccáoraċ: agus do ṡeasadar na ccoṁnuiġ a ngeata an ṗríosúin.
Cuiṁniġim na neiṫesi, agus dóirtim orum amaċ manam: óir dó ċuáiḋ mé ris an ccoiṁṫionól, do ċuáiḋ mé léo go tiġ Dé, lé guṫ lúaṫġáire agus molta, le hiomad ag congṁail láoi féile.