37 Agus ag geatá an tobair, noċ do ḃí ṫall as a ccoinne, do ċúadar súas a staiġriġiḃ ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, ag dul súas an ḃalla, ós cionn tiġe Ḋáiḃi, eaḋon go nuige geata a nuisge leaṫ ṡoir.
Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel.
¶ Marsin do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus ṫugadar léo íad, agus do rinneadar boṫa ḋóiḃ féin, gaċ áon ar ṁullaċ a ṫiġe féin, agus iona ccúirtiḃ, agus a ccúirtiḃ ṫiġe Dé, agus a sráid ġeata a nuisge, agus a sráid ġeata Eṗraim.
Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe.