Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 12:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Annsin ṫug misi súas prionnsaḋa Iúdah ar an mballa, agus dórduiġ mé ḋá ċuideaċda ḋíoḃ ar an láiṁ ḋeis air an mballa go geata a naóiliġ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 12:31
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne Dáiḃi coṁairle re caiptíniḃ na mílteaḋ agus na ccéad, agus ré gaċ áon oifigeaċ.


Agus do ċruinniġ Dáiḃi go Hierusalem prionnsaḋa Israel uile, prionnsaḋa na ttreaḃ, agus caiptíniġ na ccuideaċd do níoḋ miniostralaċd don ríġ ré sealuiġeaċd, agus caiptíniġ ós cionn na mílteaḋ, agus caiptíniḋ ós cionn na ccéad, agus na feaḋmannuiġ ós cionn máoine agus seilḃe an ríġ uile, agus a ṁac, maille ris na hoifigeaċaiḃ, agus ris na daóiniḃ curata, agus na daoíne gaisgeaṁla uile.


¶ Annsin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel, agus cinn na ttreaḃ uile, toġa aiṫreaḋ ċloinne Israel, go Hierusalem, do ṫaḃairt airce ċunnarṫa an TIĠEARNA súas as caṫruiġ Ḋáiḃi, as Sion.


Agus na ndiáiġ sin do ċúaiḋ Hosaiah, agus leaṫ ṗrionnsaḋa Iúdah,


Agus an ċuideaċda oile ḋíoḃ noċ ṫug buiḋeaċus do ċúadar anonn air a naġaiḋ, agus misi na ndiáiġ, agus leaṫ na ndaóine air an mballa, ón táoḃ ṫall do ṫor na ḃfuirnéiseaċ go nuige an mballa leaṫan;


Marsin do ṡeasadar an dá ċuideaċta ḋíoḃ ṫug buiḋeaċus a ttiġ Dé, agus misi, agus leaṫ na núaċdarán maille riom:


Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ