Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 12:30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus do ġlanadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad féin, agus do ġlanadar an pobal, agus na geataḋa, agus an balla.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 12:30
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin a duḃairt Iacob ré na ṁuinntir, agus ré a raiḃ na ḟoċair uile, Cuiriḋ uáiḃ na deé coiṁiġṫeaċa atá eadruiḃ, agus bíġí glan, agus aṫruiġiḋ ḃur néudniġe:


Marsin do náoṁadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad féin do ṫaḃairt airce an TIĠEARNA Día Israel súas.


Aċt do ḃádar na sagairt ro ġann, iondus nár ḟéadadar na hofrála loisge uile dfeannaḋ: uime sin do ċuidiġeadar a ndearḃráiṫre na Leḃítiġ leo, nó gur críoċnuiġeaḋ a nobair, agus nó gur náoṁuiḋ na sagairt oile íad féin: óir dob ḟíréunta na Leḃítiġ iona ccroiḋe dá náoṁaḋ féin náid na sagairt.


Agus a dúḃairt sé riú, Eistiġ riomso, a Leḃíteaċa, náoṁuiġ siḃ feín a nois, agus náoṁuiġ tiġ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, agus beiriḋ amaċ an salċar as an náit náoṁṫa.


Agus a dúadar clann Israel, an ċáisg, noċ ṫáinic a rís as an ndaoirsine, agus a nuile ḋuine dar ḋealuiġ íad féin ċuca ó ṡalċar ġenteaḋ na tíre, díarruiḋ an TIĠEARNA Día Israel.


Mar an gcéadna ó ṫiġ Ġilġal, agus as maċairiġiḃ Ġeba agus Asmaḃet: óir do rinneadar an táos ceóil bailte ḋóiḃ féin fa ccuáirt timċioll Ierusalem.


Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.


Marso do ġlan mé íad ó na huile ċoiṁíġṫeaċaiḃ, agus dórduiġ mé faire na sagart agus na Leḃiteaċ, gaċ aon iona ġnoṫuiġe féin;


Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóisi, Eiriġ gus an bpobal, agus naóṁuiḋ iad a niuġ agus a máraċ, agus niġedís a néaduiġe,


Agus a duḃairt sé ris an bpobal, Biṫi reiḋ a ccoinne an treas lá: na tigiḋ a ngar ḃur mban.


Oir gaċ uile árdsagart, ṫógṫar ó ḋáoiniḃ is ar son dáoineaḋ orduiġear é a dtáoḃ na neíṫeann ḃeanas ré Día, ċum ofrála agus íoḋbarṫa do ḋéunaṁ ar son peacaḋ:


Agus dá ḃríġ so atá dfiaċuiḃ air, ioḋbairt do ḋéunaṁ ar son na bpeacaḋ, ar son an ṗubail, agus ar a ṡon féín mar an gcéudna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ