Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 12:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 ¶ Agus ag coisreagaḋ ḃallaḋa Ierusalem díarradar na Leḃítiġ as a náitiḃ uile, dá ttaḃairt go Hierusalem, do ċoiṁéud ḟéasta an ċoisreagṫa re luaṫġáir, maille re breiṫ ḃuiḋe, agus le céol, le cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus le cláirseaċuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 12:27
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do hinnseaḋ do Ḋáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a nuile ní dar ḃean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimṫiġ Dáiḃi agus rug súas aírc Dé as tiġ Obed‐edom go caṫruiġ Ḋáiḃi maille re gaírdeaċus.


Agus dioḋbair Solaṁ íoḋbairt ofrála síoṫċána, noċ do ofráil sé don TIĠEARNA, ḋá ṁíle ḟiṫċiod daṁ, agus céud agus fiṫċe míle cáora. Marsin do ċoisrig an ríġ agus clann Israel uile tiġe an TIĠEARNA.


Agus do ḃí Daiḃi agus Israel uile ag urġaírdiuġaḋ (a laṫair Dé) maílle re na nuile ċúmas, agus lé duánuiḃ, agus lé claírseaċaiḃ, agus lé saltraċaiḃ, agus lé tiompanuiḃ, agus lé haḋḃuiḃ ciuil, agus lé stocaiḃ.


Agus a duḃairt sé riú, Is siḃsi cinn aiṫreaċ na Leḃíteaċ: náoṁaiḋ siḃ féin, agus ḃur ndearḃráiṫre, go ttugaḋ siḃ a níos airc an TIĠEARNA Día Israel gus a náit do ullṁuiġ misi ḋi.


Agus do laḃair Dáiḃi ré húaċdarán na Leḃíteaċ a ndearḃráiṫre dórduġaḋ do ḃeiṫ na luċd ceóil air aḋḃaġuiḃ ciúil, air ṡaltraċuiḃ, agus ċlairseaċuiḃ, agus ċimbaluiḃ, ag déanaṁ fuaime, re tógḃáil goṫa ós áird le luaṫġáir.


Marso ṫug Israel airc ċunnarṫa an TIĠEARNA leó maille re gárrṫuiḃ, agus lé fuáim an ḃúaḃuill, agus le stocaiḃ, agus le Cimḃaluiḃ, ag déanaṁ coṁġoṫa lé saltraċaiḃ agus le cláirseaċaiḃ.


Agus do ċruinniġ Dáiḃi clann Aáron, agus na Leḃítíġ:


Agus ag Héman agus Iedutun do ḃádar stuic agus cimbail don luċd do ḋéanaḋ fúaim, agus aḋḃaḋa ciuil Dé. Agus dob íad mic Iedutun na doirseóiriġ.


Asaṗ an túaċdarán, agus na ḋiaiġ sin Saċariah, Ieiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Mattitiah, agus Eliab, agus Benaiah, agus Obed‐edom: agus Ieiel maille le saltraċaiḃ agus le clairseaċaiḃ; aċd do níoḋ Asaṗ fuáim lé cimbaluiḃ;


Os a ċionn sin do ḃádar ceiṫre ṁíle na ndoirseóiriḃ; agus ceiṫre ṁíle re molaḋ an TIĠEARNA ris na haḋḃaġaiḃ ciúil do rinne misi, ar sa Dáiḃi do ṁolaḋ Dé.


A measg na Nebroníteaċ do ḃí Ieriiah na ċeann, eaḋon a measg na Nebroníteaċ, do réir ġinealaċ a aiṫreaḋ. Annsa ċeaṫraċadṁaḋ blíaḋuin do ríġe Ḋáiḃi do híarraḋ íad, agus friṫ na measg daóine neartṁara a ngaisciḋ ann Iaser ó Ġilead.


Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.


Tuilleaṁ fós dfúagair Heseciah an ríġ agus na prionnsaḋa do na Leḃítiḃ molaḋ do ċanaḋ don TIĠEARNA lé bríaṫruiḃ Ḋáiḃi, agus Asaṗ an faicsionaċ. Agus do ċanadar molaḋ maille re gáirdeaċus, agus do ċromadar a gcinn agus duṁluiġeadar.


Tárla, a nuáir do ḃádar luċd séideaḋ na stoc agus na cantairiġe aṁuil áon, do ḋéanaṁ éanġoṫa aṁáin ré a ċluinsion a ttaḃairt molta agus buiḋeaċus don TIĠEARNA; agus a nuáir do ṫógḃadar a nguṫ súas leis na stocuiḃ agus leis na cimbaluiḃ agus lé haḋḃuiḃ cíuil, agus ar ṁoladar an TIĠEARNA ġa raḋ. Oir is maiṫ é; óir mairiġ a ṫrócaire go bráṫ: annsin gur líonaḋ tiġ an TIĠEARNA a stiġ le néull, eaḋon tíġ an TIĠEARNA;


Agus do ḃádar na sagairt ag feiṫioṁ ar a noifig féin: na Leḃítiġ mar an gcéadna le ionstruimentiḃ ceóil an TIĠEARNA, noċ do rinne Dáiḃi ríġ do ṁolaḋ an TIĠEARNA, do ḃríġ go mairionn a ṫrocaire go bráṫ, a núair do ṁol Dáiḃi maille re na minostralaċd sin; agus do ṡéideadar na sagairt na stuic rompa, agus do ṡeas Israel uile.


¶ Agus do congṁadar clann Israel, agus na sagairt, agus na Leḃítiġ, agus an ċuid oile do ċloinn na daóirsine, sollamain ċoisriġṫe an tiġesi Dé maille re gáirdeaċus,


¶ Agus an ċuid óile do Israel, do na sagartuiḃ, agus do na Leḃítiḃ, do ḃádar a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah uile, gaċ aon iona oiġreaċt féin.


An lásin mar an gcéadna dofráladar íoḋbarṫa móra, agus do ġáirdiġeadar: óir ṫug Día orra gáirdeaċus do ḋéanaṁ lé sólás mór: agus do rinneadar na mná agus na leiniḃ mar an gcéadna luaṫġáir: iondus gur ċlos gáirdeaċus Ierusalem a cceín.


Agus do rinnedar an coṁċruinniuġaḋ uile an ṁéid ṫáinic a rís as a ndáoirsine ḋíoḃ boṫa, agus do ṡuiġeadar faói na boṫuiḃ: ó láeṫiḃ Iesua ṁic Nun go nuige an lásin ní ḋéarnadar clann Israel marsin. Agus do ḃí roġáirdeaċus mór annsin.


Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsiġ canaidis salm ḋósan.


Ardṁolfa mé ṫú a ṪIĠEARNA; óir do ṫóig tú súas mé, agus ní ṫug tú air measccáirdiḃ gáirdeaċas do ḋéanaṁ ós mo ċionn.


Agus do ḋéana tú gáirdeaċus a laṫair do ṪIĠEARNA Dé, ṫú féin, agus do ṁac, agus hinġion, hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ noċ atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, ḃías ḃur measc, san náit noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann.


¶ Agus láiḃeoruid ná hoifigiḋ ris an bpobal, ġa ráḋ, Cía hé an duine sin do rinne tiġ núaḋ, agus naċ ar ṫoirḃir é? imṫiġeaḋ sé agus filleaḋ ḋá ṫiġ, deagla go muirfiḋ é san ċaṫ, agus go ttoirḃeoraḋ duine oile é.


Déunuiḋ gáirdeaċas do ṡíor sa Dtíġearna: a deirim a rís, Déunuiḋ gáirdeaċas.


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ