¶ Anois isí so cóib na litreaċ noċ ṫug Artacsercses an ríġ do Esra an sagart, an scriḃneóir, eaḋon scriḃneóir, ḃríaṫar aiṫeantaḋ an TIĠEARNA, agus reaċda Israel.
Do ċuáiḋ an Tesra so súas ón Ḃabilóin; agus do ḃí sé na scríḃneóir abuiḋ a ndliġeaḋ Maóise, noċ ṫug an TIĠEARNA Dia Israel úaḋa: agus daontuiġ an ríġ a íarratas uile ḋó, do réir láiṁe a ṪIĠEARNA Dé air.
Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel.
¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe.