Agus a duḃairt sé riú, Is siḃsi cinn aiṫreaċ na Leḃíteaċ: náoṁaiḋ siḃ féin, agus ḃur ndearḃráiṫre, go ttugaḋ siḃ a níos airc an TIĠEARNA Día Israel gus a náit do ullṁuiġ misi ḋi.
Agus do fríṫ ní buḋ mó do ḋáoiniḃ oirḋearca do ṁacaiḃ Eleásar ná fríṫ do ṁacaiḃ Itamar; agus is marso do roinneaḋ íad. A measg ṁac Eleasar do ḃádar sé fir ḋeág toġṫa a measg a naiṫreaḋ, agus oċdar a meásg ṁac Itamar do reir ṫiġe a naiṫreaḋ.
¶ Na Leḃítiġ a láeṫiḃ Eliasib, Ioiada, agus Iohanan, agus Iaddua, do scríoḃaḋ íad mar ċéann air na haiṫriḃ: na sagairt mar an ccéadna, go láeṫiḃ Dárius an Persianaċ.