9 Agus dob é Ioel ṁac Siċri do ḃí ós a ccionn: agus bá hé Iudah ṁac Sénua an dara ós cionn na caiṫreaċ.
Agus do ṁacaiḃ Beniamin; Sallu ṁac Mesullam, ṁic Hodaḃiah, ṁic Hasenuah,
Do na sagartuiḃ: Iedaiah ṁac Ioarib, Iaċin.
Agus ós cionn na Leḃíteaċ ann Ierusalem do ḃí Ussiah ṁac Bani, ṁic Hassabiah, ṁic Mattaniah, ṁic Miċa. Do ṁacaiḃ Asaṗ, an luċt ceóil do ḃí ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṫiġe Dé.
Agus na ḋiaiġsin Gabai, Sallai, naoi ccéad fiṫċe agus oċtar.
Agus mic Isar; Córah, agus Neṗeg, agus Siċri.