8 Agus na ḋiaiġsin Gabai, Sallai, naoi ccéad fiṫċe agus oċtar.
Agus a ndearḃráiṫre, do réir a sleaċda, naói gcéad agus cáogad agus seisior. Ba príoṁaiṫre íad so uile a ttiġ a naiṫreaḋ.
Agus is íadso mic Ḃeniamin; Sallu ṁac Messulam, ṁic Ioed, ṁic Pedaiah, ṁic Colaiah, ṁic Maaseiah, ṁic Itiel, ṁic Iesaiah.
Agus dob é Ioel ṁac Siċri do ḃí ós a ccionn: agus bá hé Iudah ṁac Sénua an dara ós cionn na caiṫreaċ.